Capall ráis agus a bolg lán d’uisce beatha - sin é an píosa ealaíne neamhghnách atá cruthaithe ag Liam Ó Néill.

Tá an t-ealaíontóir aitheanta ó Chorca Dhuibhne i measc fiche ealaíontóir atá ag iarraidh airgead a bhailiú do Chiste na Marcach Gortaithe.

Tá múnla capall ráis bronnta ar gach ealaíontóir agus fágtar faoin ealaíontóir é a mharc féin a fhágaint air.

Dathanna dubha agus crón a roghnaigh Liam Ó Néill dá láir féin agus phéinteáil sé straidhp bán amuigh ar a héadan. Ach ina theannta san, tá póirse rúnda curtha aige i mbolg an chapaill ina bhfuil beár uisce beatha. 

"Cheapas go mbeadh sé go deas cor a chur sa phíosa ealaíne. Chuireas fios ar mo chara Walter Castellazzo, siúnéir iontach, agus chruthaíomar an t-iontas seo. Beidh surprise deas ag an té a cheannaíonn í seo. Is dócha go bhféadfá a rá go bhfuil tine ina bolg."

Cuirfear ar ceant láir Liam agus capaill na n-ealaíontóirí eile le linn Derby na hÉireann a bheidh ar siúl ar Churrach Chill Dara sa Mheitheamh. Raghaidh an t-airgead a bhaileofar i dtreo Chiste na Marcach Gortaithe.

"Címíd ar fad na marcaigh go n-éiríonn leo, an gaisce a dheineann siad ag na ráiseanna móra. Ach titeann marcaigh leis agus fágtar sínte iad. Briseann said a gcosa, nó b’fhéidir go bhfágtar i gcathair rotha iad nó b’fhéidir go bhfágtar iad gan aon lúth ná léim iontu. Tá sé tábhachtach aire a thabhairt dóibh sin agus gan dearúd a dhéanamh orthu."

Raghaidh cuid den airgead a bhaileofar i dtreo Sensational Kids, carthanas teiripe leanaí atá lonnaithe i gCill Dara.