Tá an craoltóir aitheanta, Seán Bán Breathnach ag comóradh leathchéad bliain inniu ina ghairm.

Ba ar an 1ú Aibreán 1969 a chuaigh an fear ildánach seo i mbun craoltóireachta.

Craolfar eagrán speisialta den chlár 'Tús Áite' ag 4.30 i.n ar RTÉ Raidió na Gaeltachta chun an ócáid a cheiliúradh.

SBB ag tabhairt aghaidh ar an dornálaí clúiteach as Doire, Charlie Nash

Áirítear Seán Bán Breathnach, nó SBB mar is fearr aithne air, ar an gcéad réalt mór Gaeilge sna meáin.

Ba leis an gclár 'Popseó na Máirte' a thosaigh sé amach ina ghairm.

Ba é an chéad chlár beo a craoladh gan script, agus an chéad chlár popcheoil i nGaeilge.

Thosaigh SBB ag craoladh le RTÉ Raidió na Gaeltachta sa bhliain 1972, go gairid tar éis don stáisiún a theacht ar an aer.

Is iomaí cluiche de chuid Chumann Lúthchleas Gael a ndearna an Gaillimheach seo tráchtaireacht air

Cé gur oibrigh sé ar go leor cineálacha éagsúla clár, bhí a chroí agus a anam riamh i gcúrsaí spóirt – iománaíocht, capaill agus dornálaíocht go háirithe.

Tá sé ag cur i láthair 'Spórt an tSathairn' le breis is 20 bliain anois. 

Ach ní taobh le raidió amháin atá SBB ina chuid craoltóireachta.

SBB, na mná á chur chun tosaigh sa ghrianghraf seo is léir

Ar chuid de na cláracha teilifíse a chuir sé i láthair do RTÉ bhí 'SBB ina Shuí' le Gráinne 'ghleoite' (1976–1982) agus 'Scaoil Amach an Bobailín' le Cynthia Ní Mhurchú (1990-92), a raibh lucht féachana 600,000 aige.

Ar chuid de na cláracha a rinne sé do TG4 bhí 'Seó Spóirt' agus 'Cleamhnas'.