Dúirt Seansailéir na Gearmaine Angela Merkel gur cheart go mbeadh an tAontas Eorpach in ann síneadh ama a cheadú d'imeacht na Breataine as an Aontas chomh fada agus nach gcuirfeadh sé as do na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine.

Dúirt Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron nach gcuirfeadh seisean in aghaidh síneadh ama a thabhairt,  ach go gcaithfeadh an Bhreatain imeacht gan aon chomhaontú dá ndiúltódh parlaimint Westminister don socrú aistarraingthe arís.

Roimh an gcruinniú mullaigh de cheannairí an Aontais sa Bhruiséil inniu, dúirt Príomh-Aire na Breataine Theresa May gur údar díomá an mhoill atá curtha ar an bpróiseas ach go gcaithfear aitheantas a thabhairt do thoil mhuintir na Breataine a vótáil i bhfabhar dealú ón Aontas.