Tá dianiarrachtaí ar bun sa Bhruiséil teacht ar shocrú faoi shíneadh ama a thabhairt don Bhreatain le dealú na tíre ón Aontas a chur i gcrích. Tuairiscítear go bhfuil cur agus cúiteamh ar bun faoi spriocdháta a shocrú.

Níos túisce tráthnóna, tuairiscíodh go raibh síneadh ama go dtí 22 Bealtaine tairgthe ag an Aontas Eorpach don Bhreatain ar an gcoinníoll go nglacfadh parlaimint Westminster leis an dréachtshocrú atá aontaithe leis an bPríomh-Aire Theresa May. Tuairscíodh ó shin, áfach, nach bhfuil an spriocdháta sin i gceist níos mó.

Rinneadh an tairiscint do Theresa May ag cruinniú mullaigh de cheannairí an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil inniu.

Bhí sé ráite níos túisce inniu ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí Donald Tusk go bhféadfaí síneadh ama gairid a cheadú ar an gcoinníoll go nglacfadh parlaimint Westminster leis an dréachtshocrú.

É sin, a dúradh, nó síneadh ama níos faide ar an gcoinníoll go nglacfadh an Bhreatain páirt sna toghcháin Eorpacha ag deireadh mhí na Bealtaine.

Caithfidh ballstáit an Aontais a bheith ar aon fhocal le haon síneadh ama a cheadú.

Dúirt Theresa May gur cúis aiféala di nach n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas faoi dheireadh na seachtaine seo chugainn mar a bhí beartaithe, agus go bhfuil sí diongbháilte nach leanfaidh an próiseas ar aghaidh níos faide ná an lá deiridh de mhí an Mheithimh.