Tá príosún saoil gearrtha ag breithiúna na Náisiún Aontaithe ar an gceannaire Seirbeach sa Bhoisnia Radovan Karadzic in áit an dá scór bliain a bhí curtha air roimhe seo.
Rinne Karadzic achomharc in aghaidh a chiontaithe chuig na Náisiúin Aontaithe agus é ag iarraidh go gcuirfí ar a thriall an athuair é.
Ciontaíodh Karadzic trí bliana ó shin faoi shléacht Srebrenica i 1995 inar maraíodh 800 Moslamach.
Ciontaíodh freisin é i gcinedhíothú agus i bhfeachtas inár díbríodh Crótaigh agus Moslamaigh as ceantair a bhí faoi cheannas na Seirbeach sa Bhoisnia.