Dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur cheart don tír seo tacú le hiarrachtaí na Breataine síneadh ama a fháil ar an Bhreatimeacht.

Bhí an teachta Micheál Martin ag labhairt ar an gclár 'Adhmhaidin' ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu.

Vótáilfidh feisirí Pharlaimint na Breataine an tseachtain seo chugainn ar rún go lorgófaí síneadh ama ar an dáta imeachta den 29ú Márta atá ann faoi láthair.

Caithfidh an tAontas Eorpach cead a thabhairt síneadh a chur le hAirteagail 50 le go bhféadfaí é seo a dhéanamh.