Tá fear sna fichidí gafa ag na póilíní sa Nua Shéalainn maidir leis an eachtra mhór lámhaigh ansin inar maraíodh 49 duine.

Goineadh scór eile ar a laghad san ionsaí a tharla i mosc i gcathair Christchurch.

Bhí na daoine bailithe ansin do phaidreacha na hAoine nuair a scaoileadh sraith urchar leo.

Deir duine amháin a chonaic an sléacht go raibh éide míleata á chaitheamh ag an ngunnadóir.

Rinneadh ionsaí freisin ar mhosc eile sa gcathair chéanna.

Lá dobróin don Nua Shéalainn 

Ceann de na laethanta is dobróine i stair na Nua Shéalainne, an cur síos a rinne Príomh Aire na tíre sin,Jacinda Arden ar an eachtra.

Tá sé admhaithe ag fear ón Astráil gurbh é a bhí freagrach as an uafás seo.

Deir na húdaráis san Astráil go bhfuil clú ar an bhfear as ucht a chuid tuairimí ciníoch.

Scéin i ndaoine i ndiaidh na heachtra

Anseo in Éirinn, cháin an tUachtarán Michael D Higgins gach ar tharla, ag rá gur chuir an eachtra seo alltacht ar dhaoine ar fud an domhain.

Chuir sé comhbhrón mhuintir na hÉireann in iúl do cheannairí na Nua Shéalainne.

Ag labhairt dó as na Stáit Aontaithe chuir an Taoiseach,Leo Varadkar a chomhbhrón in iúl freisin.

Tá an fear a gabhadh faoin eachtra, le tabhairt os comhair na cúirte ansin amárach.

 .