Reachtáilfidh daltaí ó scoileanna ar fud na tíre agóidí inniu, ag áiteamh go mbeadh an Rialtas níos gníomhaí maidir le hathrú aeráide.

Is mar chuid de fheachtas domhanda agóidí an lae inniu.

Is le haird a tharraingt ar an mbaol a bhaineann le hathrú aeráide, agus an laghad dar leo atá á dhéanamh faoi ag na húdaráis atá na léirsithe seo ar bun.

Breis is 100 agóid atá á reachtáil anseo.

Daltaí i mbun agóide i nGaillimh

Tá slógadh naisiúnta le reachtáil taobh amuigh den Dáil ag a 1.00 i.n

Greta Thunberg, cailín 16 bliain d'aois as an tSualainn a chuir tús leis an bhfeachtas agóidíochta i mí Lúnasa 2018.

Tá sise anois ainmnithe do ghradam síochána Nobel.