Vótáil feisirí i bparlaimint Westminster tráthnóna i bhfabhar dáta imeachta na Breataine as an Aontas Eorpach a chur siar. 412 feisire a vótáil i bhfabhar an rúin agus 202 ina aghaidh.

I bhfianaise an vóta d'fhéadfadh sé nach bhfágfaidh an Bhreatain an tAontas ar 29 Márta mar a bhí beartaithe, ach caithfidh an Príomh-Aire Theresa May an síneadh ama a iarraidh ar an Aontas i dtosach.

Dúirt sí go bhféadfadh síneadh trí mhí a bheith i gceist sa chás go nglacfaidh feisirí leis an socrú aistarraingthe atá déanta aici leis an Aontas i vóta eile sa pharlaimint an tseachtain seo chugainn. 

Má dhiúltaíonn feisirí don socrú sin arís, a dúirt sí, iarrfaidh sí síneadh níos faide fós ar an Aontas. 

Níos túisce, dúirt an Tanáiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney gur féidir go dtairgeoidh an tAontas Eorpach síneadh 21 mí don Bhreatain.