Chas an Taoiseach Leo Varadkar le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump sa Teach Bán i Washington inniu. Dúirt an tUachtarán Trump go bhfuil dlúthchairdeas idir an bheirt.  

Thug an tUachtarán Trump le fios freisin go mbeidh sé ag teacht ar cuairt chun na tíre seo amach sa bhliain.

Dúirt sé go raibh bá aige leis an Taoiseach i dtaca le cúrsaí Breatimeachta de ach níor léirigh sé tacaíocht do sheasamh na tíre seo ar an gceist.

Dúirt sé go raibh bealaí níos éifeachtaí ann le teacht ar réiteach faoin mBreatimeacht ná an idirbheartaíocht a bhí ar bun go dtí seo. Cás an Tuaiscirt an chuid is casta den scéal, a dúirt sé.

D'iarr an Taoiseach ar an Uachtarán Trump margadh trádála a dheánamh leis an Aontas Eorpach. Dúirt an tUachtarán, áfach, go gcaitheann an tAontas Eorpach go míchothrom leis na Stáit Aontaithe i dtaca le cúrsaí tradála.