Gabhadh os cionn 1,400 tiománaí agus ól déanta acu nó drugaí tógtha acu sa chéad dá mhí den bhliain, de réir figiúirí atá foilsithe ag na Gardaí inniu.

Sin ardú 17% i gcomparáid leis an achar céanna anuraidh.

Tá foláireamh tugtha ag na Gardaí go mbeidh siad amuigh i gcaitheamh an deireadh seachtaine saoire bainc seo agus iad ag faire go háirithe ar dhaoine a bheas ag tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí.