Casfaidh an Taoiseach Leo Varadkar le hUachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá Donald Trump sa Teach Bán i Washington inniu.

Dúirt an Taoiseach go dtapóidh sé an deis le cur síós a thabhairt don Uachtarán ar dhearcadh na hÉireann ar imeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Dúírt sé freisin go bhfáilteodh sé agus go mbeadh sé buíoch d'aon tacaíocht a thabharfadh Meiriceá le Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint.