Tá sé ráite ag an Tanáiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, go mb'fhéidir go dtairgeoidh an tAontas Eorpach síneadh 21 mí don Bhreatain imeacht as an Aontas.

Vótáilfidh na feisirí i bparlaimint Westminster inniu ar cheart síneadh a chur leis an dáta. Coicís eile atá fanta go dtí an spriocdháta nuair atá an Bhreatain ceaptha dealú ón Aontas.

Dhiúltaigh na feisirí aréir do rún gur cheart imeacht as an Aontas gan margadh a dhéanamh is cuma céard a tharlós.

Sa rún a chuirfeas Rialtas na Breataine os comhair na bhfeisirí tráthnóna, iarrfar orthu an dáta imeachta a chur siar go dtí 30 Meitheamh le deis a thabhairt glacadh le reachtaíocht faoi shocrú imeachta. 

Chomh maith leis sin, tá Príomh-Aire na Breataine Theresa May ag moladh go vótáilfí don tríú huair ar an socrú atá molta aici roimh Dé Céadaoin seo chugainn, lá sula mbeidh cruinniú mullaigh ag ceannairí an Aontais Eorpaigh.

Agus tá cainteanna ag leanacht ar aghaidh i gcónaí idir Rialtas na Breataine agus an DUP.