Iarshaighdiúir amháin atá le cúisiú i ndúnmharú daoine i nDoire ar Dhomhnach na Fola sa bhliain 1972. Chaith agus mharaigh saighdiúirí in Arm na Breataine ceithre shibhialtach déag - ógánaigh a bhformhór - ar 30 Eanáir 1972. 

Maraíodh iad agus gortaíodh ceithre dhuine dhéag eile nuair a scaoil saighdiúirí ó reisimint na bparatrúpaí le slua a bhí ag glacadh páirte i máirseáil cearta sibhialta. 

Dheimhnigh stiúrthóir ionchúiseamh poilbí Stephen Herron ar maidin go gcuirfear an dlí ar an té a dtugtar Saighdiúir F air faoi James Wray agus William McKinney. Cúiseofar é freisin in iarracht a dhéanamh ceathrar eile a dhúnmharú - Joseph Friel, Michael Quinn, Joe Mahon agus Patrick O'Donnell.

James Wray, 22 bliain, agus William McKinney, 27 bliain

Dúirt Stephen Herron nach bhféadfaí leas a bhaint as cuid mhór den fhianaise a héisteadh ag Binse Fiosraithe Saville leis an dlí a chur ar dhaoine. Thug sé le fios go bhfuil tuarascáil Saville bunaithe ar dhóchúlacht agus nach leor sin le daoine a thabhairt os comhair cúirte.

Glactar leis go bpléadáilfidh Saighdiúir F neamhchiontach sna cúisimh atá le cur ina leith. Tuigtear go n-íocfaidh Roinn Cosanta na Breataine a chuid costas dlí.

Dúirt gaolta na marbh go bhfuil an-díomá orthu nach gcuirfear an dlí ar na daoine ar fad atá freagrach as an sléacht. Dúirt siad go ndéanfaidh siad a machnamh ar na fáthanna a tugadh gan daoine eile a chur ar a dtriail.

Dúirt Ciarán Sheils ó chomhlacht dlíodóirí Madden & Finucane a fheidhmíonn ar son cuid de na gaolta gur cheart go dtabharfaí ainm Shaighdiúir F nuair a chúiseofar é. Dúírt sé freisin nár cheart go dtabharfaí pardún na Banríona dhó má chiontaítear é.

Cuid de ghaolta na marbh ag Halla na Cathrach i Doire ar maidin

Rinne an tseirbhís ionchúiseamh staidéar a dhéanamh ar 125,000 leathanach d'ábhar atá bailithe faoin ionsaí.

Scrúdaíodh fianaise a bhain le 18 saighdiúir - ina measc saighdiúr atá básaithe ó shin - chomh maith le  beirt a bhfuil amhras go raibh baint acu leis an IRA Oifigiúil.