Tá triúr fear óg idir 20 agus 30 bliain d'aois as an tír seo gafa san Astráil faoi airgead a mhealladh ó phinsinéirí i Sydney agus iad ag ligean orthu féin go raibh siad in ann caoi a chur ar dhíonta tithe.

Gabhadh iad agus iad ag iarraidh imeacht as an tír. 

Tugadh beirt acu, James O'Driscoll, 20 bliain d'aois, agus Johnny Baker, 22 bliain, os comhair cúirte i Sutherland faoi €26,000 a mhealladh, a dúradh, ó fhear 72 bliain d'aois.

Ní dhearna ceachtar acu iarratas go scaoilfí amach ar bannaí iad agus cuireadh siar faoi choinneáil iad go dtí  29 Márta.

Tá fear eile, 20 bliain, a gabhadh in Aerfort Sydney agus é ag iarraidh eitilt a fháil go Sasana le tabhairt os comhair cúirte i Sutherland amárach.