Inseoidh an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart inniu an bhfuil aon duine le cúisiú faoi mharú cheithre shibhialtach déag - ógánaigh a bhformhór - i nDoire Domhnach na Fola i mí Eanáir 1972. 

Maraíodh iad agus gortaíodh ceithre dhuine dhéag eile nuair a scaoil saighdiúirí ó Arm na Breataine le slua a bhí páirteach i máirseáil cearta sibhialta. 

Tá an tSeirbhís Ionchúiseamh tar éis staidéar a dhéanamh ar 125,000 leathanach d'ábhar atá bailithe faoin ionsaí.

Scrúdaíodh fianaise a bhain le 18 saighdiúir - ina measc saighdiúr atá básaithe ó shin - chomh maith le  beirt a bhfuil amhras go raibh baint acu leis an IRA Oifigiúil.