Tá bás lánúine scothaosta á fhiosrú ag Gardaí i gCo Dhún na nGall. Tháinig gaol leis an lánúín ar a gcoirp i dteach i gConmhaigh in oirthear an chontae. 

Bhí an fear os cionn 80 bliain d'aois agus an bhean os cionn 70, agus chonacthas go deireanach iad tráthnóna inné. 

Tá cróinéir Dhún na nGall an Dr Denis McCauley le scrúdú a dhéanamh ar na coirp agus tá na Gardaí le scrúdú dlí-eolaíochta a dhéanamh ar an láthair.

Dúirt na Gardaí nach bhfuil barúil acu céard ba thrúig bháis don bheirt ach nach léir fós aon chúinsí amhrasacha a bheith i gceist.

Déanfar scrúduithe iarbháis ar choirp na beirt níos deireanaí inniu.