Tá cailíní sna déaga sa tír seo ar chuid den dream is measa sa domhan le rabhaiteanna óil a dhéanamh, de réir suirbhé nua atá foilsithe in iris leighis an Lancet.

Léiríonn an suirbhé gurb iad Éire, an Danmhairg, an Nua-Shéalainn agus an Fhionlainn na tíortha is measa agus go ndéanann os cionn 55% de na cailíní sna tíortha sin babhtaí óil. 

Léiríonn an suirbhé freisin go bhfuil beagnach duine as gach cúigear den 1.8 billiún déagóir ar domhan atá idir 15 agus 19 bliain tite i bhfeoil. Sin méadú os cionn 100% ón mbliain 1990.