Dúirt an Tanáiste, an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney, go bhfuil an-díomá air faoin toradh a bhí ar an vóta a caitheadh i bparlaimint Westminster tráthnóna inné maidir le himeacht na Breataine as an Aontas Eorpach.

Vótáil 391 de na feisirí in aghaidh phlean Phríomh-Aire na Breataine Theresa May agus 242 ina fhabhar.

Dúirt an Tanáiste go leanfaidh an Rialtas anseo de na socruithe do dhealú na Bretaine ón Aontas gan margadh a bheith déanta, rud atá ar bacáin anois is cosúil, a dúirt sé.

Dúirt príomheadrascánaí an Aontais Eorpaigh Michel Barnier go bhfuil níos mó contúirt ná riamh ann go n-imeoidh an Bhreatain as an Aontas gan margadh a dhéanamh.

Dúirt sé go raibh an oiread agus ab fhéidir leo déanta ag an Aontas agus gur faoin mBreatain a bhí sé anois moltaí a dhéanamh faoi dhul chun cinn.

Caithfidh feisirí Westminster vóta tráthnóna faoinar cheart dul chun cinn leis an dealú gan socrú.

Dúirt an Príomh-Aire May go mbeidh saorvóta ag na feisirí sa Pháirtí Caomhach.