Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, fuarthas fear as Cluain Meala ciontach i ndúnmharú fir scothaosta i gCo Phort Láirge dhá bhliain ó shin.

Dúradh le linn na trialach go ndearna Ross Outram ionsaí fíorbhrúidiúil ar Paddy Lyons, a bhí 90 bliain d'aois, ina theach cónaithe i Lios Mór tráth éigin idir 23 agus 26 Feabhra 2017. Dúradh gur bascadh é sa cheann agus sa mhuineál le huirlis mhaol.

Ghlac sé trí huaire an chloig go leith ar an ngiúiré teacht ar a mbreith, ar breith d'aon ghuth é. 

Phléadáil Ross Outram neamchiontach sa dúnmharú agus mhaígh sé go raibh sé á chosaint féin ar Paddy Lyons.

Paddy Lyons

Gearradh príosún saoil ar Ross Outram.