skip to main content

Fear gafa faoi mharú Kane McCormack

Kane McCormack
Kane McCormack

Tá fear gafa ag na Gardaí mar chuid dá bhfiosrúchán faoi mharú fir i gCo na Mí dhá bhliain ó shin.

Ceaptar go raibh baint ag marú Kane McCormack, a bhí 24 bliain d'aois leis an aighneas idir na buíonta coirpeach Kinahan agus Hutch.

Tá an fear a gabhadh os cíonn 40 bliain d'aois agus tá sé ag cur isteach téarma príosúin faoi láthair faoi choir nach mbaineann leis an scéal seo.

Fuarthas corp Kane McCormack ar fheirm i mBaile Bhaltair ar an teorainn idir Co na Mí agus Co Chill Dara i mí na Nollag 2017. Bhí sé caite sa cheann.