Tá Keith Flint, an réalt mór ceoil básaithe.

Thángthas ar chorp an fhir 49 bliain d'aois ina árasán i gceantar Essex i Sasana ar maidin inniu.

Deir na póilíní nach dóigh leo go raibh aon mhailís i gceist maidir le bás Flint.

Tá cód á ullmhú acu don Choiste Cróinéara.

Bhain Keith Flint cáil amach sna 90idí mar amhránaí agus mar dhamhsóir leis an mbanna 'The Prodigy' agus cuimhneofar go speisialta air ag canadh na n-amhrán 'Firestarter' agus 'Breathe',a tháinig amach i 1996.