Tá imní léirithe ag Cumann Múinteoirí Éireann thuaidh agus theas faoin tionchar a bhéas ag imeacht na Breataine ó Aontas na hEorpa ar mhúinteoirí bunscoile, go háirithe sna condaetha cois teorann.

Dúirt Uachtarán an Chumainn John Boyle go raibh cruinniú ar siúl sa Bhruiséal inné le plé a dhéanamh ar na deacrachtaí a chruthódh teorainn chruaidh do mhúinteoirí a mbeadh orthu bheith ag taisteal don obair.

Tá os cionn 50 pointe trasnaithe ó Chondae Dhún na nGall thar teorainn a dúirt John Boyle agus tá imní ar mhúinteoirí nach mbeidh siad cáilithe le bheith ag obair sa dá dhlínse níos mó.