Tá Gaelscoil i gCathair na Gaillimhe i mbun trialach faoi láthair ar áis nua teicneolaíoch le cuidiú le daltaí a bhfuil uathachas agus riachtanaisí eile speisialta acu.

Tá súil ag an scoil an deis a bheith go buan aige sa bhFómhar.

460 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoil Dara ar an Rinn Mhór.

Tá 28 páiste inti a bhfuil deacrachtaí foghlama acu agus is dóibh sin agus ar mhaithe leis an scoil ar fad a thug siad faoin togra trialach seo, - an Seoimirín Céadfa, nó 'sensory cubbie'.

An eolaíocht a bhaineann leis, a ghabháil i bhfeidhm ar na céadfa agus na mothúcháin, le gasúir a chur ar a suaimhneas agus cuidiú lena bhféin-rialú: Dalta a bheadh ag gabháil in aer a shuaimhniú; nó dalta a bheadh mall, drogallach a mhúscailt. 

Aithris atá ann ar an obair a dhéanann teiripeoir saothair.

As Béal Átha na Muice i gCo. Mhaigh Eo é David McIntyre, innealtóir a ligeadh chun siúil as a phost agus a fuair amach an bhliain chéanna go raibh uathachas ar an gcailín beag atá aige. 

Idir an dá spreagadh sin, thóg sé an seoimirín agus thosaigh sé ag tástáil.

Tá súil cubbie a bheith go buan anseo an chéad scoilbhliain eile, agus tá ceann ordaithe freisin ag Ospidéal na Leanaí i Sráid Temple i mBaile Átha Cliath.