Rinneadh ceiliúradh inniu ar 50 bliain de Ghaeltacht Bhóthar Seoighe in iarthar Bhéal Feirste mar chuid de ócáid speisialta i gColáiste Feirste agus áiseanna úra na scoile á oscailt go hoifigiúil.

D’eascair earnáil an Ghaeloideachais ó thuaidh ó bhunú Bhothar Seoighe nuair a chuir an grúpa céanna tús leis an chéad Ghaelscoil, Bunscoil Phobal Feirste sa bhliain 1971. Bunaíodh céad mheánscoil lán-Ghaelach an tuaiscirt, Meánscoil Feirste nó Coláiste Feirste mar a bheirtear air anois, beagnach 30 bliain ó shin.

Ba léir rath na ceannródaíochta sin inniu agus Coláiste Feirste ag oscailt áiseanna úra spóirt agus eolaíochta na scoile ar luach £15m.

9 a bhí sa gcéad rang de chuid Choláiste Feirste ach anois agus beagnach 700 dalta ag freastal ar an scoil, bainfidh na céadta de ghlúin óg Gaelach na cathrach seo tairbhe as na háiseanna úra seo, fís Bhóthar Seoighe á chur i gcrích.