Deir an conraitheoir atá freagrach as Ospidéal Nua na Leanaí a thógaint, go bhfuilid sásta tarraingt amach as an dtogra náisiúnta má theastaíonn ó Bhord an Ospidéil tairiscint a chur amach arís don gconradh. 

I ráiteas a d'éisigh an comhlacht BAM inniu, dúradh nár bhain an comhlacht sin leas míchuí riamh as an bpróiseas tairisceana.

Deir an comhlacht más fearr le Bord an Ospidéil go dtarraingeodh an comhlacht as agus má tá fonn ar an mBord an obair a thabhairt chun críche i slí éigin eile go mbeadh an comhlacht sásta comh-oibriú chun gur féidir é sin a bhaint amach. 

Mar fhreagra air sin, dúirt urlabhraí rialtais, nár luaigh an Taoiseach, Leo Varadkar, aon chomhlacht ar leith sa Dáil. Dúradh go bhfuil gnéithe go leor a bhaineann leis an ospidéal nua, nach bhfuil an Rialtas sásta leo - agus gur údar imní don phobal an cás freisin.

Mheabhraidh sé go bhfuil an comhlacht cuntasaíochta PWC i mbun imscrúdú neamhspleách faoi thógáil agus róchaiteachas an ospidéil.

D'fháiltigh páirtíthe an freasúra roimh thairiscint BAM agus iad ag rá gur cheart don rialtas an deis a thapú agus breathnú in athuair ar thógáil an Oispidéil Naisiúnta Gasúr.

Dúirt Stephen Donnelly, urlabhraí sláinte Fhianna Fáil gur deis íontach atá ann ag an rialtas smacht a choinneál ar an gcostas tógála.

Dúirt Róisín Shortall ó na Daonlathaigh Sóisialacha gur cheart don rialtas breathnú in iomláine ar thogra tógála an oispidéil agus b'fhéidir stop a chur leis an obair thógála ag an suíomh atá roghnaíthe agus tosnú as an nua, ar shuíomh eile.