Deir Cumann na bhFeirmeoirí go bhfuil gá le pacáiste tarrthála d’fheirmeoirí mairteola i bhfianaise na géarchéime sa tionscal.

Bhí cruinnithe ag ionadaithe an Chumainn le Seanadóiri agus Teachtaí Dála maidir leis an gceist i mBaile Átha Cliath inniu. 

Dúirt Tomás Ó Fátharta, feirmeoir mairteola in oirthear na Gaillimhe, le Nuacht RTÉ/TG4 gur cailliúnt mhór ab ea margadh na Tuirce ó chuir an tír sin iompórtálacha beo as Éirinn ar fionraí an mhí seo caite.

Dúirt sé gur fágadh go leor gamhna breise sa mhargadh an geimhreadh seo mar gheall ar an chinneadh sin, agus gur thit an praghas a bhí á íoc ar mhairteoil freisin.

Bhí Tomás Ó Fátharta le heallach a dhíol i mí na Nollag ach thug sé roinnt acu ar ais abhaile ón mharglann, a dúirt sé, de bharr an praghas a bheith chomh híseal.

Tá Tomás den tuairim nach bhfuil an tAire Talmhaíochta ag déanamh oiread agus ar féidir leis chun cuidú lena gcás.

Ó thús an gheimhridh, tá os cionn 17,000 feirmeoir tar éis clárú leis an ghluaiseacht mairteola Beef Plan a bhunaigh feirmeoirí lena slí bheatha a chosaint.

Beidh a gcéad cruinniú ag an ghluaiseacht nua le feidhmeannaigh ón Roinn Talmhaíochta Dé hAoine.

Tá an ghluaiseacht ag féachaint lena gcomharchumainn féin a bhunú le praghas níos fearr a fháil d’fheirmeoirí ar a gcuid mairteola.

Is fiú €2.6 billiún tionscal na mairteola don tír seo.