Tá an tAire Sláinte Simon Harris le leithscéal a ghabháil inniu sa Dáil faoin eolas a thug sé i mí Mheán Fómhair seo caite maidir le costas an Ospidéil Náisiúnta Leanaí atá le tógáil i mBaile Átha Cliath.

Dúirt urlabhraí an Aire go bhfuil aiféala ar an Aire nár thug sé níos mó eolais faoi chostas an tionscnaimh.

D'iarr ceannaire Fhianna Fáil Michéal Martin ar an Aire an tseachtain seo caite leithscéal a ghabháil agus an t-eolas atá ar thaifead na Dála a cheartú faoi nár thug sé le fios go raibh an costas ag ardú as éadan.

Tá sé iarrtha ag Sinn Féin go nglacfadh an tAire Harris freagracht as róchaiteachas an ospidéil agus tá siad le rún mímhuiníne a chur ann an tseachtain seo chugainn, ceaptar.