Rinneadh ionsaí eile aréir ar óstán i mbaile Rúscaí, Co Liatroma, a bhfuil teifigh le cur fúthu ann. Níl sé ach cúig seachtaine ó shin ó loisceadh cheana an t-óstán céanna. 

Tuigtear gur briseadh ceann de na fuinneoga in óstán an Shannon Key West agus go ndearnadh iarracht é a lasadh.

D'éirigh le trí aonad den bhriogáid dóiteáin an tine a cheansú aréir agus tuairiscítear gur beag dochar a rinneadh.

Tá na Gardaí le scrúdú dlí-eolaíochta a dhéanamh inniu ar an óstán.