Dúirt Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go bhfuil gach iarracht á dhéanamh gnáthsheirbhísí leighis a chur ar fáil inniu i ndiadh do Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann an stailc trí lá a bhí beartaithe acu a chur ar fionraí.

Tá na haonaid éigeandála oscailte sna hospidéil ach dúirt an Fheidhmeannacht nár cheart iontas a bheith ar aon duine go bhfuil siad an-ghnóthach.

Tá na clinicí d'othair sheachtracha ar oscailt agus ba cheart go bhfaigheadh daoine a bhfuil obráidí le cur inniu scéala ó na hospidéil ina dtaobh.  

Mar réiteach ar an aighneas, mhol an Chúirt Oibreachais tráthnóna inné go dtabharfaí grád breise do na haltraí agus ardú pá dá réir.

Tá an Cumann Altraí agus Ban Cabhrach ag déanamh a machnaimh ar an moladh agus vótálfaidh na baill air amach anseo.