Tá fear a hionsaíodh go moch ar maidin inné i gCill Orglan, Co Chiarraí, tar éis bháis san ospidéal.

B'in é Stephen O'Connor, as Gleann Chárthaigh, a bhí os cionn 30 bliain d'aois. 

Gortaíodh é nuair a tharla bruíon taobh amuigh de bhialann beir leat i lár an bhaile ag thart ar 2.20 ar maidin. 

Bhain drochghortuithe dá cheann agus bhí sé gan aithne gan urlabhra nuair a thug otharcharr go dtí Ospidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí é. 

Tugadh as sin go hOspidéal Ollscoile Chorcaí é, mar ar cuireadh ar mheaisín tacaíochta beatha é. Cailleadh inniu é, áfach. 

Stáisiún Gardaí Chill Orglan

Deir na Gardaí go mbunóidh siad a bhfiosrúchán maidir le bás Stephen O'Connor ar thorthaí an scrúdaithe iarbháis. 

Creideann na Gardaí go raibh go leor daoine thart ar an mbialann nuair a tharla an bhruíon agus tá siad ag iarraidh orthu teagmháil a dhéanamh leo.