Dúirt an Dr Laura Durcan, leas-uachtarán Chomhlachas Chomhairleoirí Ospidéil na hÉireann, nach bhfuil aon áibhéil sa ráiteas a rinne sí nach líonfaí in am na poist a theastódh sa dá ionad sheachtracha a bheas ag an Ospidéal Náisiúnta Leanaí.

Mar chuid den ospidéal nua, tá sé i gceist an dá ionad sheachtracha a thógáil i mBaile Bhlainséir agus i dTamhlacht agus tá siad ceaptha oscailt i mí Iúil.

Dúirt an Dr Durcan go bhfuil amhras uirthi an osclóidh an t-ionad i mBaile Bhlainséir mar atá beartaithe, cheal dochtúirí oilte.