Tá ceithre dhealbh a goideadh as caisleán i gCo Chorcaí ocht mbliana ó shin aimsithe i gCo an Chláir.

Dealbha aolchloiche de Chromail, Liam Oráiste agus dhá iolar a goideadh as Caisleán an Rátha i dtuaisceart Chorcaí i mí Iúil 2011 atá i gceist.

Fuarthas na dealbha i gCreatalach atá 50 ciliméadar ón Ráth.