Tá an comhlacht Joulica le 45 post nua a chur ar fáil i gcathair na Gaillimhe.

Cruthaíonn Joulica bogearraí don earnáil fáisnéise, cumarsáide agus teicneolaíochta.

Tá súil acu na postanna a chur ar fáil as seo go ceann 3 bliana.

Bunaíodh an comhlacht san ionad nuálaíochta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016.