Tá Sinn Féin le rún mímhuiníne a chur san Aire Sláinte Simon Harris i bhfianaise na conspóide faoin róchaiteachas ar an Ospidéal Náisúnta Leanaí atá á thógáil ar shuíomh Ospidéal San Séamas i mBaile Átha Cliath.

Inné, dhearbhaigh urlabhraí an Aire go bhfuil sé i gceist aige leithscéal a ghabháil sa Dáil an tseachtain seo i dtaobh an eolais a thug sé faoi chostas an ospidéil nua. 

Ní leor seo do Shinn Féin, áfach, a deir nach bhfuil aon chomparáid idir leithscéal a ghabháil agus freagracht a ghlacadh. 

Dar leis an bpáirtí gur chuir an tAire Harris an Dáil, an Rialtas, Fianna Fáil agus - thar aon dream eile - an pobal amú maidir leis an scéal. 

An tseachtain seo caite, d'iarr ceannaire Fhianna Fáil Michéal Martin ar an Aire leithscéal a ghabháil agus an t-eolas atá ar thaifead na Dála a cheartú faoi nár thug sé le fios i bhfreagra ar cheist go raibh an costas ag ardú as éadan.