Tá íomhánna de bháid atá báite agus i bhfarraige tógtha den chéad uair le cabhair ó theicneolaíocht nua róbataice atá déanta in Ollscoil Luimní.

Rinneadh trialacha farraige ar an teicneolaíocht le coicís anuas.

I measc na mbád báite a ndearnadh iniúchadh orthu leis an trealamh, bhí fomhuireáin de chuid na Gearmáine agus bád lastais ón gcéad chogadh mór.

Sampla anseo den obair atá déanta

Tá an obair chun iniúchadh agus taighde a dhéanamh ar ghrinneall doimhin na farraige ag leanúint. 

Ach is obair dhúshlánach í go minic de bharr farraigí a bheith corraitheach agus suaite.

Le coicís anuas, bhí eolaithe ó Ollscoil Luimní i mbun trialacha farraige le teicneolaíocht nua le fomhuireán róbataiceach gan duine.