Leantar ar aghaidh tráthnóna le cainteanna idir ceardchumainn altraí,bainistíocht na seirbhíse sláinte, agus ionadaithe ón Rialtas.

Níl dóchas ann áfach go dtiocfar ar réiteach roimh shraith stailceanna na seachtaine seo chugainn. 

Altraí i mbun na bpicéad i rith na seachtaine seo

Cuireadh tús leis na cainteanna sa Chúirt Oibreachais go gairid tar éis a 11 a'chlog ar maidin inniu.

Tá an chéad lá eile stailce beartaithe ag Ceardchumann Altraí agus Ban Chabhrach na hÉireann (INMO) agus Cumann na nAltraí Sicíatracha (PNA) Dé Máirt seo chugainn.

Tá an Chéadaoin agus an Déardaoin i gceist freisin, mura bhfeictear aon réiteach san aighneas seo.

Deirtear go bhfágfaidh sé seo an tseirbhís sláinte ina cíor thuathail.