Maraíodh fear nuair a bhuail an carr a bhí sé a thiomáint faoi leoraí gar d'Inis Corthaidh ar leathuair tar éís a seacht ar maidin.

Tharla an eachtra ar an N30 ag Baile Uí Mhacasa atá tuairim is 4 mhíle ó Inis Corthaidh.

Maraíodh tiománaí an chairr agus gortaíodh tiománaí an leoraí. Ní raibh aon duine eile sa charr.

Tuigtear go raibh an fear sna caogadaí.

Tugadh corp an fhir chuig Ospidéal Ollscoile Phort Láirge áit a ndéanfar scrúdú iarbháis air.

Tá trácht ar an mbóthar á chur ar malairt slí fad atá scrúdú dlíeolaíoch a dhéanamh ar na láthair.

Tá Gardaí ag Inis Corthaidh ag iarraidh labhairt le finnéíthe ag 053 9242580, ar an líne rúnda 1800 666 111 nó ag aon stáisiún eile Garda.