Bhí An Taoiseach i mBéal Feirste tráthnóna inniu, agus é ag bualadh leis na príomhpháirtithe i Stormont.

Bhí cruinnithe ar leith aige leis an DUP agus Sinn Féin, chomh maith leis an SDLP, UUP agus Alliance.

An Breatimeacht, go háirithe an t-aighneas i dtaca leis an gcúlstad ba mhó a bhí faoi chaibideal a deirtear.

An Taoiseach i mbun agallaimh i mBéal Feirste

Beidh cruinniú ag an Taoiseach i mBaile Átha Cliath níos deireanaí le Príomh Aire na Breataine, Theresa May.

Caithfidh an bheirt dinnéar le chéile i dTeach Farmleigh.