OSPIDÉAL LEITIR CEANAINN Ó 8 a chlog ar maidin, bhí suas le 100 ball de Chumann Altraí agus Ban Cabhrach na hÉireann ag léirsiú taobh amuigh d'Ospidéal na hOllscoile i Leitir Ceanainn i gCo Dhún na nGall.

Tá na haltraí iontach míshásta, a deir siad, nár cuireadh leapacha breise ar fáil san otharlann don gheimhreadh mar a bhí geallta ag an Aire Sláinte Simon Harris.

Dúirt Brídín Ní Bhroin, duine de na haltraí a bhí i mbun piciéid inniu, le Nuacht RTÉ/TG4 nach bhfuil go leor altraí ag obair san ospidéal fiú amháin dá mbeadh na leapacha breise sin ann. 

Dúirt sí go bhfuil an iomarca othar i gcuid de na bardaí cheana féin agus go bhfuil brú ollmhór ar na haltraí mar gheall ar an bplódú seo.

Inné, bhí fiche othar ag fanacht le leapacha san ospidéal. Trí dhuine dhéag a bhí i gceist ar maidin.

Chomh maith leis an nganntanas leapacha, tá easpa foirne i measc na ngearán eile atá ag na haltraí. Maíonn siad go bhfuil Ospidéal Leitir Ceanainn ag oibriú ar bhonn dea-mhéine agus gur minic a chaithfear impí ar chomhghleacaithe sealanna breise a dhéanamh.

Altraí i mbun picéid ag Ospidéal Leitir Ceanainn

Deir altraí óga atá díreach tosaithe ag obair nach bhfuil iontas ar bith orthu nach meallann an tuarastal íseal daoine le teacht ag obair ann.

Dúirt Louise Ní Ghallchóir, atá díreach cáilithe agus í ag obair le bliain, go bhfuil sé an-deacair aon ní a fhoghlaim ó altraí níos sine mar go bhfuil an oiread sin brú sna bardaí.

Dúirt sí go bhfuil a cairde altraí imithe chuig an Astráil agus ag fiafraí di féin cén fáth a bhfuil sí ag fanacht.

Dúirt sí mura dtig feabhas ar an scéal, go háirithe ar rátaí pá, go mbeidh sí féin ag dul ar imirce fosta.

Cuireadh picéad ar ospidéil lae i nDún na nGall inniu chomh maith agus bhí altraí sláinte poiblí sa chontae ar stailc fosta.