Léiríonn suirbhé atá déanta ag an eagraíocht sábháilteachta idirlín Cyber Safe Ireland go ndéanann 40% de pháistí idir ocht agus deich mbliana i teagmháil le strainséirí ar an idirlíon.

Dúirt an tríú cuid den 1,200 páiste a ceistíodh le haghaidh an tsuirbhé go mbíonn siad ag caint le strainséirí gach lá nó uair sa tseachtain ar a laghad.

Deirtear sa suirbhé freisin go bhfuil fearas nó fón cliste ag 75% de pháistí ocht mbliana agus go mbaineann leath acu feidhm as na meáin shóisialta agus aipeanna le teachtaireachtaí a sheoladh.

Tá torthaí an taighde foilsithe agus aird á díriú go hidirnáisiúnta inniu ar shábháilteacht ar an idirlíon.