An craiceann is a lucht atá á éileamh ag Rialtas na Breataine maidir le himeacht na tíre as an Aontas Eorpach, a dúirt an Tanáiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney. 

Ag trácht dó ar an vóta i bparlaimint Westminster aréir ag diúltú don chúlstad in Éirinn, dúirt Simon Coveney nach féidir dul i mbun margála arís faoi. 

Tá an Taoiseach Leo Varadkar leis an gcor is deireanaí a phlé le Príomh-Aire na Breataine Theresa May ar an teileafón inniu.

Dheimhnigh Uachtarán Chomhairle na hEorpa Donald Tusk freisin go bhfuil an cúlstad mar chuid den socrú imeachta agus nach féidir tuilleadh idirbheartaíochta a dhéanamh ar an gceist.