Tá na gardaí ag iarraidh ar an bpobal teacht chun cinn le haon eolas a bheadh acu maidir le heachtra a tharla i gCo.Phort Láirge aréir.

Maraíodh fear 60 bliain d'aois agus é ag siúl an bhóthair i nDún Garbhán in iarthar an chontae.

B'amhlaidh a bhuail leoraí faoi agus é ag siúl a mhadra.

Tharla an eachtra timpeall 8.15.