Deir an comhlacht cláraithe idirlín Blacknight go bhfuil gnólachtaí agus daoine in Éirinn ag fáil ríomhphoist mhí-ionraice le seachtain ag iarraidh orthu ainmneacha fearainn a cheannach ar phraghas atá iomarcach ar fad.
Dírithe ar dhaoine a bhfuil ainm fearainn idirlín cláraithe acu cheana féin atá na ríomhphoist, a deir Conn Ó Muíneacháin ó Blacknight.
Deir sé go bhfuil údar na ríomhphost seo ag ligean air go bhfuair sé iarratas ó dhuine éigin eile ar an ainm céanna i bhfearann eile.
"Mar shampla, má tá an suíomh rte.ie i do sheilbh agat, d’fhéadfá ríomhphost a fháil ag rá go raibh duine éigin ag iarraidh an suíomh rte.com nó rte.eu a cheannach.
Maíonn údar na ríomhphost go bhfuil 'dualgas' air teagmháil a dhéanamh leat (ní fíor), agus go bhfuil 48 uair a chloig agat chun do 'chéad rogha' a éileamh don ainm eile.
Anuas air sin, deirtear gur téarma deich mbliana a bhíonn i gceist 'de ghnáth' mar iarracht chun €200 a fháisceadh as an té a fuair an ríomhphost."
Deir Conn Ó Muíneacháin go bhfuil go leor daoine a fuair na ríomhphoist seo ag lorg comhairle ar a chomhlachtsa le seachtain.