Vótáil feisirí i bparlaimint Westminster anocht in aghaidh an mhargaidh a rinne Príomh-Aire na Breataine Theresa May maidir le himeacht na tíre sin as an Aontas Eorpach. Buille mhór polaitiúil - mar a tuaradh - do Theresa May atá sa toradh.

432 feisire a chaith vóta ina aghaidh an tsocraithe agus 202 ina fhabhar. Tacaíocht ó 320 díobh a bhí ag teastáil ón bPríomh-Aire May.

Tá éiginnteacht go leor ag baint lena bhfuil i ndán do pholaitíocht na Breataine i bhfianaise an vóta, ach tá trí lá ag Theresa May le plean eile a chur os comhair an rialtais.

D'fhógair ceannaire Pháirtí Lucht Oibre na Breataine Jeremy Corybn anocht go gcuirfidh sé rún mímhuinine sa Phríomh-Aire May anois.

Dúirt Theresa May go mbeidh díospóireacht faoin rún mímhuiníne sa pharlaimint amárach.