I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe, tá fear 24 bliain d’aois curtha ar a thriail agus é cúisithe i ndúnorgain John Kenny, tábhairneoir agus múinteoir as Uachtar Ard i gConamara, seacht mbliana ó shin.

Tá an fear a bhí seacht mbliana déag d’aois ag an am ag pléadáil neamhchiontach i ndúnorgain agus i dtreaspásáil le buirgléireacht a dhéanamh i idteach tábhairne Kenny.

Maraíodh John Kenny, a bhí 56 bliain d’aois, ina theach tábhairne ar phríomhshráid Uachtar Ard ar 25 Méan Fómhair 2011. Múinteoir i meánscoil i mBaile Átha an Rí a bhí ann freisin.

Fuarthas corp John Kenny ar urlár an leithris ina theach tábhairne agus a lámha ceangailte ar chúl a dhroma.

Thug an scrúdú iarbháis le fios gur bhásaigh sé mar gheall ar ionsaí a rinneadh air.

Sa chúirt inniu, phléadáil an fear, atá 24 bliain anois, neamhchiontach sa dá chúis. De bharr go raibh sé seacht mbliana déag ag an am ní féidir é a ainmniú. 

Dúirt abhcóide an ionchúisithe Conor Fahy leis an ngiúire go bhfuiltear ag súil go dtabharfaidh teaghlach John Kenny fianaise le linn na trialach.

Meastar go mairfidh an triail coicís.