Le Shane Ó Curraighín

Dúirt Oifig Ard-Cheannfort na nGardaí i Sráid an Mhuilinn i nGaillimh gur mian leo Cigire le Gaeilge a cheapadh ar an gCeathrú Rua i gConamara ach gurb iad Coimisnéir agus Feidhmeannas an Gharda Síochána a dhéanfas an cinneadh deiridh.

Dúirt Teachta Dála Fhianna Fáil i nGaillimh Thiar Éamon Ó Cuív gur dea-scéala é seo do dheisceart Chonamara ach go bhfuil obair chothabhála le déanamh ar stáisiún Ghardaí na Ceathrún Rua sula gcuirfear Cigire ann.

Dúirt iar-Choimisinéir Gníomhach an Gharda Síochána Dónall Ó Cualáin anuraidh go raibh súil aige go gceapfaí an Cigire i stáisiún na Ceathrún Rua agus go mbeadh stáisiúin eile sa cheantar - an Spidéal, Indreabhán, Leitir Móir agus Ros Muc - ag tuairisiciú don lárionad sin. 

Dúirt urlabhraí an Gharda Síochána le Nuacht RTÉ/TG4 inniu nach raibh a fhios fós cén uair a cheapfar Cigire ar an gCeathrú Rua.