Dúirt stiúrthóir na Seirbhíse Tagartha Náisiúnta maidir le Víris i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath nach gcreideann sé go mbeidh an fliú chomh dona i mbliana agus a bhí sa bhliain 2017.

Ina dhiaidh sin féin, mhol an Dr Cillian Dé Gascún don phobal an vacsaín in aghaidh an ghalair a fháil.

Táthar ag ceapadh gur sa chéad dá nó trí mhí seo amach romhainn a bheas an líon is mó cásanna.