Dúirt dlíodóirí an Stáit go bhfuil sé i gceist acu achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh na hArd-Chúirte sa chás a thug Graham Dwyer faoi gur coinníodh agus go raibh fáil ar eolas ón bhfón póca a bhí aige.

Thug siad le fios freisin go raibh sé i gceist acu iarratas a dhéanamh le go bhféadfaí an cás a chur díreach chuig an gCúirt Uachtarach.

D'éirigh le Graham Dwyer, a ciontaíodh i ndúnmharú Elaine O'Hara, sa chás dlí a thug sé an mhí seo caite in aghaidh an Stáit agus Choimisinéir an Gharda a bhain leis an eolas a bhí ar an bhfón póca a bhí aige.