Tá fiosrúchán ar bun ag na Gardaí i nDún na nGall faoi thimpiste inar maraíodh bean os cionn 30 bliain d'aois sa Chlochán Liath. 

Maraíodh Dawn Croke nuair a leag feithicil í ag Bunscoil Naomh ar Cróna Shráid an tSéipéil ar an mbaile ag thart ar 6.30 tráthnóna inné. Múinteoir i bPobalscoil na Rosann a raibh beirt chlainne uirthi ab ea í.

Gortaíodh girseach sé bliana d'aois freisin de bharr na timpiste agus tá cóir leighis á cur uirthi in Ospidéal Ollscoile Leitir Ceanainn.

Thug muintir Phobalscoil na Rosann ómós dá gcomhghleacaí inniu. Dúirt siad gur múinteoir agus cara iontach a bhí inti.